Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 107
- XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”
- XML “Comharthaí - <span class="exact">Rath</span> agus Mírath”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ag na driotháracha bréige. Do thógadar amach an beirt agus cuireadh idir dhá capall iad, is stracadh as a chéile iad. Do bhí Ubhall annsan, a athair, a mháthair agus a bhainríoghan go súgach go lá a mbás.
- Comharthaí - rath ‘s mí-rath
Dá bhfeiceadh duine an chéad uan de’n bhlian ar thaobh ná láimhe deise, agus é a dheól a mháthar, gurb shin chomhartha ratha.
---
Mí-rath, iseadh cat do thabhairt isteach go tig nuadh-dhéanta.
---
Deineann an t-iascaire amach nach aon rath a bheadh air: bean ruadh d’fheiscint, ná í bheith [']na choinnibh, agus é dul ag iascach; nó tracht thar mhada ruadh, nuair bhíonn siad ag bordáil na líonta.- Faisnéiseoir
- Eamonn Ó Seaghda
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46