Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 217
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áit-Ainmneacha.
Tá feirm m'athar suidhte i gCromán Íochtar sé míle ó Cill-Orglan an baile margaidh is giorra dúinn. Glaodhar an t-ainm sinn air mar tá cuma cromáin ar an áit.
Tá sé i mbarúntacht Triuch an Aicme.
Ainmneacha atá ar na na páirceanna:-
An Pháirc Chaol:-
Glaodhtar an t-ainm sin uirthi mar tá sí fada agus caol.
An Pháirc Fhada:-
Glaodhtar an t-ainm sin uirthi mar tá sí ana fhada.
An Gainimh:-
Glaodhtar an t-ainm sin uirthi mar tá gaineamh go flúirseach san gcré.
Páirc an Phuill Mhóir:-
Glaodhtar an t-ainm sin uirthi mar tá poll 'na lár.
Páirc an Tighe:-
Páirc in-aice an tighe í seo.
An Pháirc Mhór:-
Tá an pháirc seo níos mo ná na páirceanna eile atá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Théacáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán Íochtarach, Co. Chiarraí