Scoil: Curraichín (C.) (uimhir rolla 15979)
- Suíomh:
- An Curraichín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín Ní Chonchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Curraichín (C.)
- XML Leathanach 269
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí fear ann fadó darbh ainm dó Diarmuid Mear agus do bhíodh sé ag dul go Luimneach ag díól créithre. Caithfheadh sé "Permit" a bheith aige chun é a theasbáint do'n ghiúistís nuair a raghadh sé ann. Lá amháin do bhí sé ag imteacht agus do bhuail Eoghan Ruadh leis ar an mbóthar. "A Eoghain, " ar seisean "an scróbhfá Permit dom." "Scríobhfadh" arsa Eoghan. "Cad a bhainfhear díom" arsa Diarmuid." "Scilling" arsa Eoghan. "Tabharfaidh mé naoi bpigne" arsa Eoghan. Do thug Diarmuid naoi bpigne dó agus fuair sé an Permit. Do chuir sé chun siubhail agus níor stad sé gur cuaidh sé go Luimneach. Thug sé an Permit don ghiúistís agus do léig sé é. "A dhuine" ars an giúistís le Diarmuid "nach amhlaidh a ghoidis iad seo." Do tháinig scannradh ar Dhiarmuid agus do léig an giúistís an Permit annsan agus sé seo a bhí scríbhthe air:
Permit ceart do Dhiarmuid Mhear
Cun dul go Luimnigh
le hualach creithir a dhein sé lé léir-ghoid
Andeas ó Mhucruis.
Ó Cill h-Óma is ó Chill h-Óra(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Séaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Rinn na nDealgán, Co. Chiarraí