School: Doire Clathach (Derryclough), Drom Dhá Liag (roll number 11931)
- Location:
- Doire Clochach Íochtarach, Co. Chorcaí
- Teacher: Éamonn Mac Firbisigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Madraí IfrinnBhí fear ag teacht abhaile ó aonach i Ros Cairbre oidhche Shamhana fadó. Bhí sé déanach go maith nuair a srois sé an Léim agus bhí aistear fada le déanamh aige fós sar a shroisfheadh sé Mídh Ros. Ní riabh aon droicead an t-am san treasna an cuain agus b'éigin dó bóthar an bráid a tabhairt air féin.Ní raibh sé tagaithe i bhfad thar an Léim nuair do casadh air bean cosnoctuighthe agus í ag rith ar nós na gaoithe, agus anois is arís cuirfheadh sí sgread uaithbhásach aisti, Is ar éigin a bhí céad slat eile déanta aige nuair d'airig sé fothromh éigin ar nós síde gaoithe ag teacht 'na threó. Dhruid sé i leathtaobh chun a leagaint don rud greannamhar imtheacht thar brághaid. Nuair a tháinig sé ós a cómhair amac connaic sé gurbh é a bhí innte nó dá madra agus iad ag imtheacht ar(continues on next page)
- Collector
- Máigréad Ní Chárthaig
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Ní Chárthaig
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Caoin, Co. Chorcaí