School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ard Ó bhFicheallaigh, Co. Chorcaí
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
![The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 193](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0316%2FCBES_0316_193.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 193
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
- XML Page 193
- XML “Fios na bhFrancach”
- XML “Scéilín ina dTaobh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Is iongantach an fios a bhíonn ag na francachaibh. Deireann sean-daoine na fairrge nár cailleadh aon ártach riamh agus franncaigh istigh ann. Dá mbeadh íi le cailleamhaint sa turas d'fhágfadh siad í sar a bhfágfadh si a'cuan. Deireann na seana-mhianadóiri a'rud ceadna. Má tá tionóisc le tuitim amach thíos fé thalamh tiochfaidh na franncaigh go léir suas roim ré.
Ta sean-mhianach sa bhaile seo i nDúinín agus do thuit matalong éigin amach ann tímcheall deich mbliadhna is fichid ó shoin. Bíodh sé lán de fhranncacaibh i gcómhnuidhe ach tráthnóna na h-oidhche sin fachathas iad na mílte acha ar dhruim a'tailimh. D'imthig fuireann na h-oidhche síos agus ní rabhadar thios i bhfad, nuair do bhí tuitim-chriadh ann agus gur marbhuigheadh triúr acha. Go ndeinidh Dia trócaire ar a n-anamnachaibh. - Transcription guide »You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Informant
- null
- Gender
- Male