Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag snighe isteach sa chuan tá Abha na Banndan agus ag bun na h-abhann san atá an sean bhaile cuid de ar cnocaibh agus cuid de idir na cnocaibh.
Sráideanna cumhanga, casta agus sean-tighthe árda is mó atá ann. Mar dheimhniú ar ársacht an bhaile seo, ní gádh ach breathnughadh siar ar cuid des na h-eachtraidhthe staireamhla a fhág a rian go follusach i n achar na n-aoiseanna.
Thar áitibh eile i Stair ár dTíre tá eolas agus aithne ar Chionn t-Sáile mar láthair chatha mhóir - chath millteach, tubaisteach a thug creachadh agus donas ar Ghaedhealaibh agus a fhág a thionchar go daingean láidir ar an Náisiún gus indiu - "Briseadh Chionn t-Sáile" Briseadh Éireann.
Tá ós cionn trí céad bliadhain anois ann ó buaileadh an cath san, ach ar feadh na gcianta roimhe, bhí baile seo na sean-aimsearachta fé rath agus fé réim. Bhí sé i na shaor-bhaile o'n aimsir is sia siar. Bhí ballai 'na thimcheall fad ó. Is cinnte(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Dhonnbháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí