Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (uimhir rolla 4572)
- Suíomh:
- Cionn tSáile, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSr. De Pazzi
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
- XML Leathanach 022
- XML “Tarngaireacht Naoimh Eilthán - Patrún Chionn tSáile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timceall cúig céad bliadhain ó shoin bhí an naomh, go bhfuil an baile seo fé na chomairce gus indiu sé sin Naomh Eilthán, mar abb ar mhainistir i gCionn t-Sáile. Bhunaidh sé séipéal i gCionn t-Sáile in aice le "Geata na nGobhar" mar a bhfuil Teampall Gallda Naomh Meilteóg anois. Le linn an t-Séipéail nuadh do bheith dá thógáil aige ar mhí adhbhairídhe an tsaoghail do thuit tubaist amach a tharraing mallacht an naoimh ar mhuinntir an bhaile agus d'fhág a rian go soiléar ar an áit fiu amháin go dtí an lá indiú. Seo mar a thárla.
Lá dá raibh na sglábhuidhte ag obair, bhí na clocha agus an mairtéal ar an dtalamh, agus láithreach an tSéipeil ullamh glanta acu. Ba dhiceall dóibh ámh na clocha do láimhseáil, bhíodar cómh mor trom san. Ach sa déire thiar thall thángadar ar cheann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Croínín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Croínín
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na Móna, Co. Chorcaí