School: Sliabh Riabhach
- Location:
- An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sliabh Riabhach
- XML Page 025
- XML “Géilleadh Oisín”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bróin air.
D'úmhlaig sé láithreach do Naomh Pádhraig agus annsan thug Pádhraig cead do a rogha de'n Fhéinn d'ainmniú is go saorfadh sé é ón dteine uathbharach Ifrinn. D'fheuch Oisín ar an bhFéinn is ghoill a chroidhe le neart bróin. "A Phádhruig" ar seisean "Feuch annsan mo athair bhocht, feuch Caoilte Mac Rónáin is Goll Mac Móirne, feuch ar Oscar mo aon-mhac ionmhuin nách breágh liom gach aoinne acu d'fhuasgoilt." "Ach tá aoinne amháin annsan Diarmuid Ua Duibhne a Phádraig agus ní fhéadfainn é d'fheisgint ag folang a thuille is scaoil chúgham láithreach é mar tá cion agam air thar an bhFéinn go léir.
Le na linn sin d'imthig an radharc uathbharach is sheas os gcómhair na beirte an Fhiann go léir is Diarmuid Ua Duibhne 'na measg. Ghaibh ana áthas ar Oisín annsan ach sar a raibh sé d'uain aige labhairt leó d'imthígheadar as a radharc is dúbhairt Naomh Pádhraig go rabhadar imthighthe go Flaitheas Dé mar gur fhuasgail sé iad tré cómhachtaibh Íosa.- Informant
- Seán Ua Céilleachair
- Gender
- Male