School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gob an Choire (Clochar)
- XML Page 183
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá amháin dubhairt beirt fhear le na chéile go raibh fhios aca áit a raibh ór. Bhí an t-ór síos faoi talamh tuairim is troigh go leith faoi'n dtalamh.
Ní bhfuigheadh éinne an t-ór nach mbeadh cat dubh le chaitheamh ag ollphéist mhór a bhí ar faire an ciste. Ins an oidhche annsin fuair na fir láidhe agus chuaidh siad go dti an áit.
Thosuigh siad ag cartughadh nó go dtáinig siad go cloic mhóir. Chonnaich siad ollphéist agus súile cómór le cnoc air.
Tháinig faitcíos ortha ar dtús agus annsin tháinig misneach ortha. Thóg siad amach an cat as an mála ach nuair a bhí siad ar tí é a caitheamh ag an ollphéist léam sé uatha.
Rith sé uatha agus ní raibh siad in ann é a ceapadh. Annsin léim an t-ollphéist suas agus d'ith sé an bheirt fear. Níor thug aon duine aon iarracht an t-ór a fágháil aris.- Collector
- Séamus Ó Giollabháin
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo