School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gob an Choire (Clochar)
- XML Page 224
- XML “Mac Rí Éireann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar an oileán seo ag troid in aghaidh fathaigh a raibh Rí sgriosta aca.
D'eirigh Loinnir go moch ar maidin lá 'r na bhárach agus ar aghaidh leis go cuairt na bhfathach. Dubhairt sé leó cúig céad a churroimhe. Cúig céad ar a chúl agus cúig céad ar 'chaon taobh dhe. Déanadh mar a dubhairt sé act le dul faoi na gréine bhíodar go léir ina gcorpáin aige. Phill sé go pálas an riogh go meidhreach agus mhol gach duine na gniomhartha a rinne sé an lá sin. Dubhairt an Rí leis a bheith aireach mar go n-eireóchadh na corpáin marbha beó arís. Chuaidh Loinnir amach ag faire na gcorpán agus nírobh' fhada annsin dó nó go bhfaca sé caillachain beag grándha ag teacht chuige. D'ionnsuigheadar a chéile agus níorbh 'fada go rabhadar gearrtha stróice ag a chéile. Tháinic spideóg beag ós a gcionn agus thosnuigh sé ag gríosadh Loinnir agus dubhairt le Loinnir an chailleach a bhualadh sn t-súil chlé agus ní túisge sin ráidte na bhuail sé an cailleach san t-súil agus shín sí síar mín marbh. Thainic sé go pálas an Riogh áit a raibh féasta mór in onóir dhó.
An maidean dhár gcionn chuaidh Loinnir amach arís go cuairt na bhfathach agus dubhairt sé leó cúig céad a cur roimhe, rúig céad ar a chul agus cúig céad ar 'chaon taobh dhe act le dul faoi(continues on next page)- Collector
- Pádhraic Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Address
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Informant
- Antoine Mac Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo