School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lá 'ar na bhárach d'eirigh sé go moch agus ghluais sé a chú lena chois, a sheabhach ar a bhois agus a capall breagh dubh dhá iomcar. Níor staon is níor stad sé nó gur casadh an firín beag arís air. Imrigheadh cluiche eile act bhuaidh mac an Riogh an cluiche. Dubhairt mac an Riogh leis an sean-fhear "Cuirim-se fe geasa thú" an páirc atá ar theach cúl m'athardha a bheith líonta le gach cineál ba breaca agus gan aon phéidhre aca a bheith mar a chéile nuair a eireochaidh sinne ar maidin. Tá go maith arsa an sean-fhear béidh sé déanta. Bhí briathar an fhirín chomh maith lena fhocal agus nuair a d'eirigh an Rí ar maidin bhí iongnadh air fe na ba breaghta a bhí san bpáirc agus déanadh iarract iad a thiomáint amach as an bpáirc act ní fhágfaidís an páirc. Bhuail mac an Riogh amach an triomhadh mhaidean a chú lena chois a sheabhach ar a bhois agus a chapall breagh dubh dhá iomchar agus níor staon agus níor stad sé gur casadh an firín beag leis san áit céadhna. D'imrigheadar cluiche eile act bhuaidh an sean-fhear an cluiche seo. Céard atá orm a dhéanamh dhuit arsa mac an Riogh. Caithfeadh tú m'áit comhnaidhe a fhághail amach roimh lá agus bliain nó mur bhfuighfidh geobhfaidh mise thusa amach agus bainfhidh mé an ceann dhuit.(continues on next page)
- Collector
- Pádhraic Ó Scannláin
- Gender
- Male
- Address
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Informant
- Antoine Mac Domhnaill
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mayo