School: Mágh Rua (Murroe)
- Location:
- Murroe, Co. Donegal
- Teacher: P. S. Ó Dochartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Mágh Rua (Murroe)
- XML Page 3
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)thart ní rabh an cailín le feiceail. Shuidh sí síos agus d'oscail sí an beartán agus cáidé bhí ann acht leanbh marbh. Shiubhail sí léithe agus chonnaic sí fear ag obair i ngarradh a rabh ubhlaí ann. Shiubhail sí isteach go dtí an gharradh agus thoisigh sí ag tógail na n-ubhall. Dubhairt an fear léithe "imthigh leat nó buailfidh mé thú." "Cha n-imtheochaidh, tá ocras orm." arsa'n bhean. Bhuail an fear í agus thuit sí agus arsa sise "mharbhuigh tú mo leanbh" agus thoisigh sí ag caoineadh. Thug seisean cuid mhór airgid duithe "na labhair air." Bhí sí saidhbhir go bráth n-a dhiaidh sin.
- Sgéal
Bhí fear ann uair amháin agus bhí capall bán aige. Dubhairt a bhean lais, an capall a thabhairt go dtí an t-aonach agus é a dhíol. Rinne an fear sin agus dhíol sé an capall ar seacht bpunt. Chuaidh an fear na bhaile leis an chapall agus dubhairt a athair nach rabh aon mhaith ins an chapall. Thainig an fear agus a athair arais lá ar na mhárach, acht ní thabhairfeadh an fear suas an t-airgead. Bhí fearg mhór ar an bheirt eile agus chuir siad an fear isteach i mála. Thug siad do dtí an an fhairrge é.(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Pháidin
- Gender
- Female
- Address
- Dunfanaghy, Co. Donegal
- Informant
- Anna Nic Pháidin
- Gender
- Female
- Address
- Dunfanaghy, Co. Donegal