School: Naomh Baoithin, Tullydish (roll number 3160)

Location:
Tullydush Upper, Co. Donegal
Teacher:
Cathal P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1113, Page 1

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1113, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Baoithin, Tullydish
  2. XML Page 1
  3. XML “Paróiste Fathain Mhura Íochtair agus Dhíseart Eignigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá an parraiste lúaidhte thuas suidhte ar an taobh thoir-theas de Ros Inse-Eoghain. Fá thuairim deich milí ó chathair Dhoire Choluimcille agus tá Loch Suilighe ar an taobh thiar dhé. Sí Bun Crannaigh an priomh-bhaile sa'n phárraiste agus tá an baile fhéin suidhte ar bhruach an Locha ag beal abhna ar a ghlaodhtar "Crananch". Éirigheann an abhainn seo comhgarach do'n "tSliabh Sneachta" atá indeas do, cuigh no sé mhílí ar an taobh thoir-thuaidh de Bhun Chrannaighe.
    Se'n Caisleán Bun Crannaighe ceann de na sean-áruis sa phárraiste seo, caislean mar a mbíodh Clann Uí Dochartaigh agus Clann Uí Dhomnaill 'na gcomhnuidhe san am fado acht tá sé anois 'na fhotharach. Tá an Caislean seo suidhte fá thuairim ceathradh míle ar an taobh thiar-thuaidh de'n bhaile agus rítheann an abhainn "Crannach" idir an cáisleáin agus an bhaile. Ag dul síar ó thuaidh duinn thar Droichead na Sé n-Áirse sroiceann sinn "An Daingean". Ta an Daingean, ar bhruach na h-abhna, déanta de chlocaibh agus de réir deallramh bhíodh sé mar áit-cosanta sa t-sean-aimsir. Tá doras amháin ar an taobh theas de'n teacht agus tá an doras seo cuig troighthe ar aoirde agus fa thuairim dhá troig ar leitheadh. Tá stáigre go dtí mullach an tighe acht tá siad idir na ballaibh agus tá mullac an tige le feiceal ag duine comh luath agus buaileann se isteach 'sa teach mar ni'l lochta ar bith ann. Ag ceann an stáigre seo tá bearna nó oscailt 'sa díon agus is feidir dho dhuine bheith na shuidhe no bheith ag spaisdoireact ar an taobh amuigh de dhíon ag an bhearna seo. Tá an oscailt seo ceithre troighthe ar fhad agus dhá troigh ar leithead. Deirtear gur léim Cathaoir O'Dochartaigh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Desertegny, Co. Donegal
    Collector
    Cathal P. O Loclainn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir