School: Naomh Baoithin, Tullydish (roll number 3160)

Location:
Tullydush Upper, Co. Donegal
Teacher:
Cathal P. Ó Lochlainn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1113, Page 2

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1113, Page 2

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Naomh Baoithin, Tullydish
  2. XML Page 2
  3. XML “Paróiste Fathain Mhura Íochtair agus Dhíseart Eignigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    o'n díon seo isteach i mbád a bhí san abhainn thios agus gur éaluigh sé go Rath Maolainn atá ar an taobh thall de'n Loch. Tá cloch sa bhalla comhgarach do'n doras, ar an taobh chlé agus fá thuairim sé troighthe go leith o'n talamh agus deirtear go rab Cataoir comh h-árd leis. Deirtear fosta go bhfuil uaimh le teicheadh fe'n urlar da mbhéadh an Daingean imbaoghal togbhala riamh. Téigheann an uaimh seo comh fada le "Cockhill" áit atá míle go leith ó'n Daingean. Cá n fhacha mé, no aon duine(?) a bhí mé ag caint leis, an uaimh seo agus ar an adhbhar sin nil's agam an fíor- breag é acht creideann na daoine i mBun Chrannaigh go bhfuil an uaimh seo ann(?)
    Ceatramhadh mile ar an taobh thoir de'n Daingean seo tá fotharaigh fosta ar bhruach na h-abhna céadna mar a mbíodh muillte olna uair amháin. Tá na ballaí go m(?) go foil acht nil a dath le feiceal 'sa taobh istigh a chuideaeadh linn le déanadh amach gur muillte olna iad. Tá na priomh-fhotharach fa thuairim 70 slataí ar fhad, 15 slataí ar leithead agus 15 troighthe is fice ar aoirde. Tá dhá staigre ann fosta. Cá dtiocfadh liom dataí ar bith a fhaghail ar na ballaí no in aon áit ar bith sa'n fhotharach acht bhuail sé in aigne mé gur milleadh iad in aimsir Stafford
    Ar leigheadh Stair Inse Eóghain Damh atá sgriobhtha ag Éamonn Ua Coilleann chonnaic mé an t-alt seo leanas- "'San chomhursanacht fíorghar tá muillne móra agus monarcha le lineadach sniomh agus a fhighe. le Messrs Richardson iad a chomhnuigheann i mBeal Feirste. Bhíodh mórán daoine ag obair ionnta."
    Ta ceanntar ar an taobh thoir teas de Bun Chrannaigh ar a bhfuil Tulach-dá-Ais mar ainm 'na bhfuil pairc a bfuil luachra ag fás. Shílfeadh duine a bheadh ag amarch ortha go rabh rud éigin mar in ionad iad bheith ag fás direach fasann siad le talamh. Deirtear gur chuir Naomh Colm Chille mallacht ar na luachraibh sa phairc seo lá amháin nuair a bhí sé ag rith frid an phairc seo agus o'n lá sin go dtí'n lá a bhfuil indhiu ann ní fhásann na luachra dreach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Location
    Desertegny, Co. Donegal
    Collector
    Cathal P. O Loclainn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir