School: Attymass B.
- Location:
- Attymass, Co. Mayo
- Teacher: P. Ó Flannghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Óton Mac Feargus 24 ad Bealtaine 1938Seanchas i dtaobh na h-aimsire
Nuair a bhíonn caipín bán ar Néifin deirtear go mbíonn feathainn ag teacht. Nuair a bhíonn na fáirleóga ag eitilt go h-árd san spéir, sin cómhartha go bhfuil aimsear breágh ag teacht. Nuair nach mbíonn an similéar ag tarraingthe an deataigh go maith deirtear go mbíonn fearthain ag teacht.
Má fheiceann duine frog dubh sin cómharthe go mbíonn droch-aimsear ag teacht. Má feiceann duine tré na cnuic atá i bhfad uainn in-aice leat deirtear go mbeidh fearthain againn. Nuair a bhíonn a ghrísach gor sin cómhartha go bhfuil fearthainn ag teacht.
Má fheiceann tú an cat agus a dhruim leis an teine sin comhartha go bhfuil fearthain agus stoirm a teacht. Nuair a théigheann na géanna fiadháire go dtí na sléibhte deirtear go mbeidh fearthain agus stoirm ag teacht agus na nuair a théigheann siad chun na fairrge sin cómhartha go bhfuil aimsear breágh ag teacht.
Nuair a chluinnainn tú glót "pholl a sgárdán" ag teacht anuas o'n sliabh, sin cómhartha go bhfuil droch-aimsear ag teacht. Má bhíonn sn súgha ag tuitim sin cómhartha go mbíonn fearthain ag teacht. Nuair a chion tú an cat ag sgríobhadh an tocrosgáin sin cómhartha go bhfuil stoirm ag teacht. Nuair a chíon tú na faoileachag teacht aníos as an bhfairrge agus iad ag sgreaoghá(continues on next page)- Collector
- Óton Mac Feargus
- Gender
- Male
- Informant
- Mártan Mac Feargus
- Gender
- Male
- Address
- Attymass, Co. Mayo