School: Tobar Ruadh

Location:
Toberroe, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Cinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0131

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0131

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tobar Ruadh
  2. XML Page 0131
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí cailín deas in a comhnuidhe i dtír na sídheóga fadó agus bhí sí in a sídheóig bhig. Óirín an t-ainm a bhí uirri. Bhí sí in a chailín deas freisin. Bhí sí i gcomhnaidhe ag déanamh gúna núa dhí fhéin. Bhí go leor gúnaí deasa aici agus bhí lása agus ribíní ionnta.
    Bhí bean eile in a comhnuidhe ins an dtír chéadhna agus b'é an t-ainm a bhí uirri an t-Sean-bhean-Liath agus bhí sí inonn gúna deas a dhéanamh. Chuaidh Óirín go dtí an bhean seo lá amháín chun sampla ghúna a fhágháil agus núair a bhí sí ag dul amach an dhóras do chuir sí poll mór in a gúna le táirne a bhí ins an dhoras.
    Annsin dubhairt an t-Sean-Bhean le Óirín fanacht nóiméad agus go ndeisiú sí féin an poll. Chuaidh an t-Sean-Bhean go dtí an fhuinneóg a bhí in a sheomra agus fúair sí snáthad draoidheachta iarn a bhí ann agus núair a chuir sí an snáhad trdíd an gúna bhí an poll deisiúighthe.
    Bhí féin-mhór ag na sídheóga agus bhí Óirín ag dul ann agus bhí sí ag déanamh gúna núa i góir na féise. Tháinic tinneas uirri is ní raibh aici acht lá chun an gúna a dhéanamh. Ní raibh sí inonn an gúna a dhéanamh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Mhuineacháin
    Gender
    Female
    Address
    Cloonbar, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Ó Mhuineacháin
    Gender
    Male
    Age
    63
    Address
    Cloonbar, Co. Galway