School: Tobar Ruadh

Location:
Toberroe, Co. Galway
Teacher:
Séamus Ó Cinnéide
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0137

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0040, Page 0137

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tobar Ruadh
  2. XML Page 0137
  3. XML “Stoirmeacha agus Gálaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí stoirmeacha fadó ar an tríomhadh lá déag de mí Lúghnasa sa bhliadhain 1737. Ní raibh fhios ag na daoine céard a dhéanfadh siad mar bhí sé an-dona ar fad agus ní fhaca siad stoirm chomh dona is a bhí sé an lá sin.
    Bhí comharthaí ins an spéir nuair a bhí sé ag teacht. Bí an spéir an-dorchada is bhí na scamaill ag rith tríd an spéir go h-an tapaidh is bhí an gaoi ag séideadh na duilleóga as na crainn agus ag séidheadh na bláthanna thart timpeall na gáirdíní. Thosaigh sé ag báisteach ar dtús an lá sin. Bhí an báisteach go h-éadroim ar dtús agus sa deireadh tháinig sé go h-an trom ar fad. Tháinig sé chomh trom sin is bhí faithíos an-mhór ar na daoine agus shíl siad nach stoppadh sé ag cur fearthainn go deo. Bhí gach rud agus gach áit de uisce is bhí an t-uisce in-aice na tighe. Chuaigh an t-uisce isteach ins na tighe agus faoi na leapracha agus ní raibh aon áit fághta le haghaidh na daoine a sheashamh, mar bhí an t-uisce a bhí ins na tighe timpeall le cúig throigh ar aoirde.
    Tar-éis sin tháinig tornach agus teinntreach is fuair na stoc bá agus fuair
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Neachtain
    Gender
    Female
    Address
    Cloonsheen, Co. Galway
    Informant
    Micheál Ó Reafartaí
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Cloonsheen, Co. Galway