School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 199
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
- XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Bíonn na cailíní ag déanamh babóg as éadach, agus cuireann siad olainn mar ghruaig ortha. Déanann siad slabhraí de nóiníníbh, agus dhá gcur timcheall a muincálaibh. Bíonn siad ag déanamh bláth. Fhleascann as billeógaibh crann. Déanann buachaillí topaí d'adhmad. Déanann siad gunnaí as crann truim, agus feadóga as crann fuinneoige. Déanann siad ciseain as clataibh lá sneachta chun breith as éanaibh. Is é an chaoi a mbeireann siad ar choiníníbh inÁrainn ná píosa "Wire" lag, agus súil air a chur ar an bpoll a dtéigheann an coinín isteach ann. Téigheann sé i bhfostodh san "Wire". Bíonn na buachaillí ag déanamh bád beag agus dhá gcur amach as an fhairrge. gheibheann na daoine "Mangel". Baineann sad an t-adhbhas bán as go dtí an craiceann siad poll taobh istigh le haghaidh coinnil, ag críoch caol a "Mangel". Bíonn laindéas déanta abbsin. Cuireann siad luath i gcanna. Dóirteann siad ola mhór air, agus lasann siad é. Téigheann siad annsin go dtí áit a mbíonn éin ina gcodladh. Nuair a dhúisigheann na héin téigheann siad timcheall ar an solas, agus bíonn sé an-éascaidh breith ortha.(continues on next page)