School: Fearainn an Choirce (roll number 14532)
- Location:
- Fearann an Choirce, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Maoldhomnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Fearainn an Choirce
- XML Page 268
- XML “Féilí na Bliana”
- XML “Féilí na Bliana”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
- Lá'l Bríghde: Fadó bhíodh daoine bochta ag imtheacht la'l Bhrighde aguscrios Bhrighde aca. Bhíodh sí déanta d'fhéar tirm. Bhíodh babóg aca freisin, agus í gléasta. Bhíodh na babóga ag na cailíníbh, agus an chrios ag na buachaillíbh. Nuair a thagaidí théigheadh muinntir an tíghe amach tríd an gcrios trí uair, agus déanfadh na daoine a bheadh dhá iomchar, "Crios Bhrighde mo chrios, crios na cheithre gcros, má's fearr atá sibh anocht go mba seacht fearr a bheidh sibh bliadhain ó anocht." Tugtaoi déirce dóibh annsin.
Aoine an Chéasta: Deirtear aon síol a chuirfear Aoin an Chéasta nach loicfidh sé.
Domhnach Cásca: Fadó ní thugadh daoine splanc ná bainne uatha Domnach Cásca.
Lá BEaltaine: Bhíodh daoine eile ag iarraidh an ghrian a fheiceál ag damhrughadh, agus daoine eile ag iarraidh an bhó a bheith blighte aca sul ma d'éireochadh an ghrian lá bealtaine.
Lá'l tSin Seain: Bíonn teine cnámha i-n gach baile lá'l tSin Seain, agus bíonn ceól agus(continues on next page)