School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 371
- XML “An Doineann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bás leis an faitchios an oidhche sin. Nuair a bhí an stoirm thart do bhí barraí na tíre go léir millte.
Bhí stoirm eile ann caogadh bliain ó shoin. Ar an 6adh lá d'Eanair a bhí an stoirm seo. Stoirm agus fúacht a bhí ann agus fuair na caiple agus na beithidhigh bás leis an bhfúacht. Adeirtear go raibh fear ó Bhárr a' Sléibhe ag siubhal síos agus suas an sliabh an lá sin lein a chuid beithidhigh le hiad a choinneal te.
Bhí báisteach trom annseo ocht mbliadhna ó shoin agus báisteach trom eile deich mbliadhna ó shoin. Adeirtear gur néal a briseadh ocht mbliadhna ó shoin agus bádhadh trí mhuc annseo. Rinne an báisteach deich mbliadha ó shoin go léor díoghbhala ar gach rud. Ní raibh na daoine in-ann an féar a shabhail ná an mhóin a thabhairt abhaile an bliadhan sin. Mhill an báisteach sin na fataí freisin.
Bhí tuilte troma i n-Abhainn Rife i n-Uachtar Árd fice bliain ó shoin. Bhí fear ó Ghleann ag dul abhaile ó Uachtar Árd agus bhí sé dorcha. Rinne sé iarracht dul treasna ach theip air agus do bádhadh é.
Adeirtear go raibh leac-oidhre ar Loch Coirb traochadh bliain ó shoin ó Mhárta go(continues on next page)- Collector
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Gender
- Female
- Age
- Over 50