School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 072
- XML “Fir Rásaí”
- XML “Paidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)na n-amhrán mar bhíodh sí a' buachadh airgid ortha.
Do bhíodh aithne aice ar na h-áiteachaí ar fad. I mBaile Átha Cliath a bhíodh sí go minic. Ní raibh aon aois aice, agus ní raibh sí mór ná beag. Bean bhreágh a bhí inti agus í lághach deas lé 'chuile dhuine. Bhí sí múinte agus ní raibh aon bhlas lé rádh aice lé aoinne. - Bheirim buidheachas agus moladh dhuit a Dhia as ucht gur shaothruigh tú agus gur shlánuigh tú ó'n oidhche mé. Tá súil agam a Dhia go gcuirfidh tú ar mo leas mé as seo amach. A Dhia, tá mé ag dul ag obair lé do chongnamh agus tá súil agam go nearteochaidh tú mé ar feadh an laé seo. Ámén.
Coiglímse an teine seo mar choigligheanns Críost grást Bríghid 'na bun is Muire 'na bárr, na cheithre Aingle is aoirde i gcathaoir na ngrást a'cúdach an tíghe seo is a dhaoine go lá. Crios Muire mo chrios, Crios na cheithre chrois. Má's fearr a ghabhfas muid thríd, Go mo(continues on next page)- Informant
- Peadar Cínde
- Other names
- Peadar Cínde
- Peadar Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- Over 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway