School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 028
- XML “An Fear agus a Thriúr Mac”
- XML “Scéal Ridire na Farraige”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí siad sgatham maith amach ar an bhfairrge chuaidh siad suas i gceann an bháid & ghlaoidheadar air & dúbhairt - "Gabh i leith go bhfeicfidh tú an breac mór atá annseo". Chuaidh & nuair a bhí sé ag breathnú síos sa bhfairrge mór airigh sé ariamh gur caitheadh amach sa bhfairrge é agus gur báthadh é.
Chuaidh an triúr buachaillí abhaile & roinn siad an talamh eadtorra. B'fhada in a dhiadh sin a mhaireadar & ar feadh an ama sin níor tháinic troid ná easaontas eadtorra acht chaitheadar saoghal sona. - Sgéal Ridire na Fairrge
Bhí rí ins an domhan thoir fadó & bhí mac aige. Nuair a bhí sé bliadhan is fiche tháinig fear as an domhan thoir dár b'ainm Ridire na Fairrge. Thug sé leis é & nuair a bhí sé leath bealaighe amach ar an bhfairrge, d'fhuagar rí an domhain thoir air a mhac a thabhairt ar ais chuige faoi cheann lá agus bliadhain. Dúbhairt an Ridire go dtabharfadh. Tháinig an Ridire ar ais faoi cheann lá agus bliadhain agus bhí a athair ag iarraidh air fanacht sa mbaile. Acht dúbhairt an Ridire leis nách raibh sé sáthach foghlumtha & d'iarr sé é leigean i n-éinfeacht leis go ceann lá & bliadhain eile. Acht nuair a bhí sé leath bealaighe amach ar an bhfairrge, rinne an rí dearmad 'rádh(continues on next page)- Informant
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Other names
- Cáit, Bean Uí Ghiobúin
- Ceata, Bean Uí Ghiobúin
- Gender
- Female
- Age
- 65
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway