School: Camus (roll number 11290)

Location:
Camas, Co. Galway
Teacher:
Pádraig S. Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 143

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0069, Page 143

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Camus
  2. XML Page 143
  3. XML “Nóra Ní Chonchubhair Bháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nóra Ní Chonchubhair Bháin

    Fadó thug mé grádh do chailín óg sa ngleann

    I
    Fadó thug mé grádh do chailín óg sa ngleann,
    Ag tarraisgint í fhághail le pósadh,
    Acht sé mo léan géar is mo chrádh
    Ní dhom-sa a bhí sí i ndán,
    Acht do'n té údaidh ná labhramar fós air.
    Thugas searc agus grádh do ghearrchaile óg sa n-áit
    Mar is orm-sa a bhí an dithchéille
    Is go bhfuil fhios ag an saoghal is ag an mbaile cuain a mbím,
    Go leanfainn stór mo chroidhe dá bhféadfainn.
    II
    Agus nach mór mar a shíleanns mo shúil deóir
    Is m'osna do Righ Mór mar gheall ort,
    Acht go bhfuil fhios ag Rí na ndeór
    Gur leig mé leat mo rún
    Is gan mé acht go h-óg 'mo pháiste.
    Tá mo dhoilgheas chroidhe chomh mór,
    Is nach mairfidh mé mí beo
    Is deamhan is misde liom gach sógh dá b'fhuide
    Acht ní bheidh mé i dtigh Thomáis Mhóir
    Ná sa teach is goire dhó
    Is cuirim beannacht le aos óg an tsaoghail seo.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Sinéad Uí Fhineachta
    Gender
    Female