School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 157
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Trí mucai dubha i durdan
a n-aghaidh siar ar charraig na rian
Is pian ido ghiall mura dúisigh tú iad.
Fr. = Trí chruach móna.2. Siud é chugam thríd an ród é
Fear na coise caoile cruaidhe
'Sé mo thruaigh géar nach bhféadaim rith.
Fr. = An bás.3. Siud é chugam thríd an snámh é
Fear an cóitín deirg, snaithín gorm 'na léine.
Fr. = Searc.4. Duibhín ó diubh, Gillín ó Gill,
Fear as an domhan thoir ag innseacht sgéal gan feól gan fuil.
Fr. = Leitir.5. Gé bhán i mbarr an chrainn
Agus ball dubh 'na leicinn.
Fr. = Coinneal.6. Chuaidh trí ghé amach sa bpoll
Gé mhór riabhach, dhá ghé bhána,
Gé roimh gé, gé in ndiaidh gé agus
Gé idir dhá ghé. Cé méad gé é sin.
Fr. = Trí ghé.(continues on next page)