School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 244

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 244

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 244
  3. XML “Scéal - Sióga”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh fear óg go dtí tórramh oidhche. Bhí lár na h-oidhche ann, agus cad a bhuaileadh leis ar an mbóthar acht triur fear agus cómhra ar a nguailnibh acu. Chuaidh sé féin fáhn gcómhrain chun cabhruighthe leo, ach níor dheineadar san ach é d'fhágaint ar fad aige. D'arduig sé comhla na cómhran agus cé bheadh istigh ann ach an cailín óg a bhí 'á tórramh an óidhche céadna sa cómharsanacht, agus í 'na stealladh bheathaidh. Ní fhéadfadh sé í do dhúiseacht agus d'árduig sé leis abhaile í. As go bráth leis ansan go dtí tig an chuirp, acht ag gabháil thar lios do chualaidh sé gleó an domhain ag na daoine maithe istig. D'éist sé tamall agus chuala sé iad á rádh narbh aon chabhair do féin an cailín do bheith aige mar a dtabharfadh sé trí braonacha di as buidéal áirithe a bhí sa driosúr agus an biorán suain do bhí sáithte i gcúl a cinn do tharrac.
    D'fhill sé abhaile go h-áthasach, thairrig sé an biorán suain agus thug sé dhi an dheoch. Ní túisge an méid sin déanta aige ná gur phreab sí 'na seasamh chomh maith agus bhí sí riamh. Níor mhór an mhoill air ansan tig an chuirp do dhéanamh amach. Thairrig sé stiall de'n maide ar an gcailín a bhí sínte ar an gclár agus chuir deabhadh amach an dorus uirthe. "Ná bíodh aon eagla ort," ar seisean le fear an tighe, "tá t'inghean
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Pádruig Ó Cinnéide
    Gender
    Male
    Age
    19
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry
    Informant
    Mícheál Ó Builéir
    Gender
    Male
    Address
    An Bhánóg Bheag, Co. Kerry