School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 298

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 298

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 298
  3. XML (no title)
  4. XML “Aimsir an Ghorta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title) (continued)

    Bhí Ministir i mBaile an tSagairt in aice an Daingin seachtó bliain ó shoin agus b'é an ainm a bhí air ná Thompson.

    (continued from previous page)
    ghnó chun go bhféadfadh sé iad a chur as a seilbh. Bhí beirt shagart ón nDaingean ag teacht go Liospóil agus bhuail Maonas a tSíthig - feirmeóir i mBaile an tSagairt, ar an mbóthar leo. D'fhiafruig an tAthair Ailpín do Mhaonas an raibh aon scéal aige. "Tá, 2 ars' Maonas, "drochscéal," agus d'innis sé do'n sagart cad a thug an ministir go Sasana. Chuir an tAthair Ailpín a stól air agus thosnuig ar leigheamh as a leabhar. Dubhairt sé leis an tAthair Ó Dubháin a bhí 'na theannta "Amen" a rádh nuair a bheadh deire léighte aige féin, ach níor dhein an sagart óg rud air. Léig sé an tarna uair ach ní déarfadh an tAthair Ó Dubháin "Amen". Nuair a leigheadh na focail an triomhadh uair dubhairt an tAthair Ó Dubháin le Maonas "amen" a rádh, agus 'sé Maonas a dubhairt go dúthrachtach "Amen a Thighearna." "Is mó duine a imthigheann ná filleann," ars' an tAth. Ailpín le Maonas, agus b'fhíor do mar i gceann tamaill tháinig scéala gur cailleadh an ministir go h-obann i Sasana, t'réis cead d'fhágail na daoine bochta i mBaile an tSagairt do chaitheamh amach. Fagadh 'na seilbh ansan iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Aimsir an Ghortadh Bhí bean darbh ainm Máire Ní Chatháin 'na cómhnuidhe i mBaile Mhic a Dubhghaill inaice an Daingin agus feirm mhór aici. Bean ana mhaith dos na bochtaibh a b'eadh í, agus bhídís ag rith chúiche
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Súilleabháin
    Gender
    Male
    Age
    95
    Address
    Gleann na Mine Airde, Co. Kerry