School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 266

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 266

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 266
  3. XML “Cúipéireacht”
  4. XML “An Meadar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cúipéireacht:- Ana cheárd sa tseanaimsir a b'eadh í seo agus bhíodh cúipéar nó dho ins gach paróisde. B'iad na cúipéirí a dheineadh na h-áruistí le h-aghaidh an bhainne agus araile. Do dheinidís cíléirithe bainne, feircíní ime, meadair, tobáin nó drollaigh, bairrlí, soithí chun uisce, bairrlí le h-aghaidh éisc do chur ar salann nó feóil dá mbeadh sé acu.Ní fada ó shoin ó cailleadh Séamus Ó Beaglaoí ó Bhaile-na-saor, cúipéir go raibh ana cháil air maidir le feircíní agus bairrlí slachtmhara do dhéanamh.
    Bhí na feircíní mór agus thógadh sé tamall maith ó chuid des na feirmeóirí feircín do líonadh. Is minic a chuireadh beirt nó triúr chomharsain a gcuid ime le chéile chun feircín do líonadh. Suas go dtí ceithre fichid bliain ó shoin do thugadh na daoine anso a gcuid ime go Corcaigh ar druim chapaill chun é do dhíol, agus do chaithidis seachtmhain ar an mbóthar. Is minic a robáileadh iad i n-aice le Baile Mhúirne i gCorcaigh agus thagaidís abhaile gan pingint'réis a saothair.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. An Meadar a bhíodh acu-- bhíodh si 'na seasamh ar an úrlár, clúdach cláir uirthe agus loinithe aníos tré pholl sa chlúdach san. Do oibrighdís an loinithe síos suas ag bualadh an uachtair leis nó go dtagadh an t-ím ar an gcuiginn. Is fusa go mór an meadar eile a chasann mullach le fánaig d'oibriú, ach níl ar furmhór na ndaoine anso cuigeann a dhéanamh in aon chor anois mar tá an t-uachtarlann acu.
    Tá na seana mheadair 'na lán tigthe fós ach ní usáidtear iad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. butter and churns (~3,280)
    Language
    Irish