School: Mín Árd

Location:
An Mhin Aird Bhuí, Co. Kerry
Teacher:
Ml. Ó Caomháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 414

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0426, Page 414

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Mín Árd
  2. XML Page 414
  3. XML “Caisleán na Min Airde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Caislean na Mináirde:
    Seana chaisleán é seo a bhain leis na Gearaltaigh Deasmumhan tamall d'á raibh sé Tá sé tógtha ar thulach beag ar bhruach Bágh an Daingin, tuairim is ceathrú míle taobh theas de'n scoil seo. Tá sé go daingin láidir fós, cuid des na fallaí ós cionn seascadh troigh ar aoirde. I ndeire na séamhadh aoise déag do cuireadh deire le réim na nGearaltach Deasmumhan anso. An bhanrioghan Eibhlís a bhí i gcoróinn Shasana. Cuireadh dream saighdiúirí ó Thráighlí chun Caisleán Uí Griadhaire do ghabháil is do réabadh. Bhí na Gaill cúpla lá a d'iarraidh é bhrise ar an muinntir a bhí istigh, agus níor ró mhaith a d'eirig leo. Maidion áirithe t'réis na h-oidhche níor bhraiteadh aoinne de lucht a cosanta istigh.
    Séideadh isteach smut de'n bhfalla agus duine ná daonaidhe ní raibh le fágail ann. Bhíodar éaluithe leo fá thalamh i gcaitheamh na h-oidhche. Bhíodar teithe go dtí an caisleán eile a bhí acu ar an Mináird.
    Níor bhfada ina dhiaidh san gur ionnsuigheadh Caisleán na Mináirde. Tháinig sluagh mór saighsiúirí timcheall air ar thaobh na talamhan agus cabhlach cogaidh ar an bhfarraige lasmuigh.
    Ba ró ghearr go raibh an t-ocras ag goilleamhaint ar an mhuintir istigh sa chaisleán, agus easbadh na bpléar chómh maith.
    Nuair a mhothuigeadh san amuigh cuireadh baraillí phúdair fá chúinní an chaisleáin agus séideadh blúirí de'n bhfalla san aer. Tá cúpla scoilt le
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish