School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)30/
láithreach, agus iad go léir ar sceitimíntí (sic) ag faireadh an chruinnighthe. B’iad na luchaig ’s na francaig ba thúisce ar an bhfód, ag bun páirce, agus níor bhfada ’na ndiaid gur líonadh barra na páirce go bruach le na raibh d’éanlaithe fé’n spéir ach amháin an fiolar - bhíodar ar feadh tamaill ag feitheamh leis sin.
Ba ghearr gur chualathars garthgháil agus fothram sciathán imeasc na n-éan ar fad, agus nuair a dh’feuch an sluagh anáirde, do chonnacadar an t-éan mór a’ fuaidreamh ó’s a gcionn, agus ar chrap na súl, é sceinnte go talamh, agus é ’na sheasamh go ríoghdha ar thúrtóig chúnloig i lár na n-éan istig.
Do tharla go raibh mac duin’ uasail imeasc sluagh na fartha, agus gunna aige. Nuair a chonnaic sé sin an fiolar chómh rúnach san suidhte chun piléir, do chaith sé leis, agus do bhris sé sciathán leis de’n aimsiú-san.
San am-san do bhí cainnt ag gach ainmhidhe, agus ag gach éan chómh maith.
“Faire! Faire! a mhic Ríogh, is mór náire dhuit é, mo sciathán do bhriseadh, agus mar mhairim, ní le gastacht t’aimsiú é.”
“Tóg leat isteach anois mé”, ar seisean, “go dtí go gcneasóchaidh sé, pé fada gairid é.”(continues on next page)- Collector
- Máighréad Ní Dhéadha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Peats O' Mórdha
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 89