School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Kerry
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Page 118
- XML “Comharthaí”
- XML “Púcaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)“Gob fuar ar maidin earraig, is earball searraig as-san amach.”
Máire Ní Leighin, 55 óna h-athair ná maireann. - Púcaí:
Bhí fear de mhuinntir Ghearailt na Comhnuide ar an nDrom fadó i paróiste an Chlocháin, agus oidhche amháin do dóghadh cró ba dá raibh aige, agus an méid ba a bhí istig ann de dóghadh na steille-bheathaidh iad.
Do bhí droch-amhras aige ar chomharsain do, ná raibh ró mhuinnteardha leis. D’imig an aimsir agus fuair an comharsa san bás.
An oidhche bhí sé á thórramh, bhí an tig farrtha lán go bruach de dhaoine. I lár na h-oidhche d’eirig an fear marbh aniar ar an mbórd agus labhair sé agus dúbhairt nár b’é féin do dhóghaidh na ba. Chuir sé i dtuiscint dóibh an t-é a dhein é. Agus bhí bean istig agus chuir sí isteach air an fhaid a bhí sé a labhairt agus d’fhiafruig sí dhe an bhfeaca sé a máthair. Dúbhairt sé go bhfeaca, agus go raibh sí fé mar bhí sí riamh ar an saoghal so, ag crúdh ba na gcomharsan, agus go raibh sí na girrfiadh [= gearrfiadh] anois.
Shín sé siar annsan, ‘s níor labhair sé a thuille.Máire Ní Leighin, 55 bl. ó na h-athair.- Informant
- Máire Ní Leighin
- Gender
- Female
- Age
- 55