School: Srón (roll number 9090)
- Location:
- Shrone Beg, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Srón
- XML Page 037
- XML “Piseoga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Ma raghaidh duine amac an maidin deirtear ná bheidh an t-ath leis má casfar bean ruadh nó cat dubh nó cú uime. Deirtear gur cuaidh fear eigin ó'n dútaig seo amac an maidin ag dul ar aonach agus do chas bean ruadh air. Nuair dfhill sé abhaile diafraig a bhean de cad a bhí ann agus dubhairt sé gur chas bean nuadh ann. Annsin do chaith sí salann ar sheana bhroig agus chaith sí 'na diaidh í. Imthig ort a Sheaghain ar sise agus ní bheidh eagla ort roimis an cat dubh ná an bean ruadh ná an chú agus beidh rath an lae ort agus go deimhir sé agus dól sé a phá agus ní raibh eagla sin roimis an bean ruadh na an cat dubh ná an chú.
2. Bí fear in a chomhnaidhe i nGort na gCeann agus lasadh sé coinneal gach aon oidhce nuair a a bíodh sé ag iththe a shuipéir agus múcadh sé é núair a bhíodh a shuipéar iththe aige. Do las sé an coinneall Oidhche Nodhlag na mban agus do múch sé é. Do las sé arís agus do léim trí brinnsí as. Ni(continues on next page)- Collector
- Pádraig Mac Carrthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Headfort, Co. Kerry