School: Srón (roll number 9090)
- Location:
- Shrone Beg, Co. Kerry
- Teacher: Pádraig Mac Carrthaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Srón
- XML Page 126
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear i gClaodac Seán Ó Croinín a bainm dó.”
Bhí fear i gClaodac Séan Ó Croinin a bainm dó. Bhí sé ag teact ó Baile Mourne so connaic sé bean agus bhí eadaig dearga uirte. Bhí capall agus trucail aige. Do stad sé agus do labhar se leis an mnaoi an dtiocfaidh tú isteach i dtrucail ar seisean. Nior labhar sí leis. Do stad sí insan carr ar feadh leath huaire nó mar sin. Annsan do cuaidh sí amach as an gcarr. Nior bfaca sé í in aon-cor mar bhí sí imighthe. Do cuaidh sé abhaile agus do cuaidh sé a codhladh. Nior eirig sé as an leabaidh ar feadh trí seactmain agus nuair a eirig sé do bhí sé go maith. Act tareís seactmaine eile do fuair sé bás. Deirtear gur comartha bhais í d'feiscint- Collector
- Pádraig Mac Carrthaigh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Headfort, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female
- Age
- 49
- Address
- Awnaskirtaun, Co. Kerry