School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 242
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean in a comnuídhe i gCorcaig fadó. Bean grandha do beadh í agus bíodh sí ag deanamh peacadh móra, agus do bhí beirt inghean aici. Tar-éis tamaill béigin d'on beirt inghean dul as bhaile cun airgead do soláthar doibh féin. Ní rabadar i bfad as baile nuair a fuair an mathair bás agus béigin don beirt ingean dul abhaile. D'íarradar de fear a bhí in a comnuídhe in aice an tíghe íad do breith abhaile in a cárr leis an gcapall agus do dhein sé. Nuair a biodar leath slíghe abaile do stad an capall agus do bhí sé ag cur alluis. Do bhuail an fear an capaill. Bhí sé á díarraidh siubhal act níor fhéad sé dul. Béigin doibh an cart agus an capall d'fághaint ann an oídhche sin agus siubhal cun an tíghe in a raibh an tóramh. Dínnsidear an sgéal don sagart agus dubhairt sé ná raibh an chapall tuirseac den bóthar in aon cor act go raibh spioraid na mná marbh ins an gcárr leó agus go raibh an capall tuirseac den ualac trom peacaí a bhí i spiorad na mná marbh agus na rabadar abálta ar spiorad d'fheiscint.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa De Blác
    Gender
    Female