School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mórán liosa ar fuaidh an paróiste ach se an ceann go bfuil an t-eólas agam air ná an ceann atá suidte i gCruatha. Sé an ceann i gCruatha an ceann is mó atá sa paróiste. Tá sé suidhte i lár pairce móíre agus is le muintir De Blach an pairch sin. Ní'l fíos againn i gceart cioca aca dos na liosanna sa paróiste a cuir an feirmeóir na prátaí. Céad bliadhain ó shoin do bhí feirmeoir in a comhnuidhe in aice na leasa agus lá amháin d'fiafruig se le fear eile "an mait an rudh é prátaí do cur i bpairc an leasa" agus dubairt an fear éile "Má cífidh tú aon rud mí nadúrtha núair a beidh tú ar tí do chuid prátaí gan iadh do cur in aon cór" Do thosnuig se cun an talamh do impó núair do rith giarrfiad tar an iomaire agus níor cur an fear a bhí ag obair aon t-suim air. Do chuir sé na prátaí agus d'fás bárra mór de'n t-sort san ann. Lá amháin do cuir sé corcan de's na prátaí sin ar crocadh ós cionn na teine agus núair a bhí siadh beirigthe do tóg sé anuas iadh agus cádh a bhí sa corcan ach corcan lán do piastaí.
- Collector
- Dóra Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female