School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 262
  3. XML “Leigheasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fadó fadó ní raibh aon dochtuir in Éirinn mar ní raibh cead ag na daoine dochtúir a bheith achu. Núair a tiocfaidh aon bhreoidhtheacht ortha ní raibh aon leigheas acu air, geibheadh na daoine go léir bás annsan ach diaidh ar ndiaidh do tosnuigh na daoine ar leigeasanna do dhéanamh dóibh féin agus leigheasann ana maith do beadh iad.
    Tháinigh dochtúir go h-Éirinn úair amháin agus Sasanach do beadh é. Dochtúir gan mhaith do beadh é leis agus cuaidh gaedheal bocht cuige mar bhí pian ana ghear in a cosa agus níor fhéad sé siubhal leo. Bhí an dochtúir ag magadh fé, mar gaedheal do beadh é. Dubhair sé leis an fear bocht a cosa do nighe ins an bhfarraige ach ní raibh aon coinne ag an dochtúir go leigisfí an fear ach núair a dhein an fear amhlaidh níor tháinig aon pian go dtí an fear go dtí lá a bháis ach bé toil Dé é sin.
    Bhí leigeas eile acu leis agus sé an leigheas é sin na teanga an sionnaigh do cimilt le aon créacht a bíodh ar duine. Tá tobar naomhta ins an paroiste seo
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish