School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 307
- XML “Na Fianna”
- XML “Na Fianna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mar bhí sé ró aosta. Bfhearr léi go mór Díarmuid Ó Duibhne do posadh. Mar sin dealuig sé féin agus Gráinne ón gcuid eile. Nuair a connaic Fionn go rabadar imthighthe do cuaidh sé ag tríall ortha agus deirtear nuair a bhíodar ag rith ó Fionn gur codail síad i Leaba Diarmuda i Rionabuilge. Sin é an fáth go dtugtar an ainm sin air.
- Níos mó ná cead bliádhan ó shoin bhí taoíseach des na Fíanna mar rí ins an paróiste seo, darbh ainm dó Concúbhar. Fear maith do daoine an paróiste do beadh é. Bí fear ós a cionn sin darb ainm dó Fionn Mac Cúmhaill. Tagadh sé sin gac cúpla seachtmhaine cun cómhairle do thabhairt dó i dtaobh gach rud. Nuair a tagadh sé d'fanfadh sé cupla lá leis. Lá amháin nuair a bhí Fionn ag Concubar ag seilig suas an cnuic in áit éigin ann tugtar céim an Fionn air. Sé an fáth ar a dtugtar an ainm sin air ná nuair a bíodar ag ruith agus ag léimrig do bhí an buadh ag Fionn. Nuair a bhíodh Fionn ag múineadh do daoine an paróiste seo. Tagaidís go léir cun eisteact(continues on next page)
- Collector
- Áine C. Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female