School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá athrughadh mór tagaithe ar an paróIste le céadh bliadhain agus tá alán daoine marbh anois, a bhí i na mbeathaig an úair sin. Ní raibh an bóthair puiblidhe ann an úair sin acht do bhí bóthair eile ag gabháíl ó Baile Caisleán Béarra go Corcaigh ag bun sléibte na Ceacain agus amach bearna na Gabaille agus annsan ag bun sléibte in an Glean na Ghairbh.
Tá mórán rían le teasbaint dúinn go raibh níos mó daoine i na gcómhnuidhe sa paróiste fadó ná mar atá anois. Má feachaimid ar an gcnoch cimíd go bfuil piniúir de cabalach agus tá parcín glas ar an dtaobh amuig de agus tá iomairí ann.
Fadó ní raibh an seipeál comh comhgarach dóibh agus atá anois. Do bhí an seipeal i gCillcáscáin agus bhí an seana roilig ar an taobh amuig de agus bhí tobar beannuighthe ann leis. Do deineadh na daoine turas beannuighthe ann agus ní bhíodh an turas críocnuigte go dtí go ragadh siad isteach sa seana fothraig agus do bhí cloigeann sagairt ann a tógadh anuas as an uaig agus do cuireadh é i bfuinneoig an seana fothraig. Is ceart dóibh paidreaca do radh ar an cloigeann.(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female