School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá alán liosanna ins an tír seo agus deirtear gur na daoine marbh a bhíonn istig ann. Ac ceapann cuid des na daoine gurbh iad na Tuatha De Dannan a dhein iad agus gurbh iad atá ionnta anois leis. Tá lios thuas i Droumleabh agus fadó do cití daoine ann san oidhche. Uair amháin do connaich duine éigin much istigh ann agus bhí sí ag rith mór thímceall istig ann agus in aon nóimeat cuaidh sí síos tríd an talamh. Úaireannta cítí fear istigh ann agus é ag tiomáint ba tríd an lios agus uaireanta cloistí ceol ann. Tá ceithre liosanna ins an paroiste seo agus tá síad ar agaidh a céile amach agus ceapann cuid des na daoine gurb aiteanna iad in a bhíodh saighdúirí i bhfollach. Do bhí fear in a cómhnaidhe in Eadargóil fadó agus do bhí lios in a pháirc. Lá amháin cuaidh sé amach cun é do reabadh. Do thosnuigh sé agus do bhí poll mór istigh ann. Núair a bhí sé ag raobadh do bhuail a ramain le rud éigin agus ceap sé gur sean corcán a bhí ann.(continues on next page)
- Collector
- Máire Ní Concubhair
- Gender
- Female