School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 322
- XML “Seancheirdeanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó deineadh na daoine a gcuid coinneall féin mar ní rabhadar ábalta ar iad do cheannach agus má bhíodar féin ní ceannochad siad iad an fhaid a bhíodar féin ábalta are iad a deanamh. Seo mar a dheinidis iadh. Nuair a mharbhuigidís aon ainmhide do coimeadaidís an geir a bhíodh istigh ionnta annsan cuiridís an geir isteach i slige agus cuiridís an slige ar an dteine. Núair a beadh an geir leágtha do thógaidís aníos ón dteine é. Annsan gheibidís cruiscín go mbeadh beal caol air agus cuireadh síad an geir leágtha isteach i monla cuiridís snát síos trid an geir agus fágaidís annsan é go dtí go mbeadh sé cruaidh. Annsan tógaidís amach as an monla é. Fadó dheinidís na ciseáin i slíghe éigin nach raibh cosamhail leis an slíghe 'na deintear anois. Are dtuis gearraidís na slata agus cuiridís san clabhar iad ós cionn na teine cun iadh do dhéanamh rigin. Cuiridís seastán 'na seasamh i lár an urláir agus figidís na slata timceall air agus cuiridís gach ré slat na seasamh in aice an seastáin cun fuinneóga an ciseáin do déanamh. Núair a bíodh ceithre thaobh an ciseáin figte aca ann cuiridís slataí na shéasamh in aice an seastáin(continues on next page)
- Collector
- Áine C. Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female