Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A) LÁ BEALTAINE:-Théigheadh na sean-Witcheanna amach lá Bealtaine ag cruidh na beithidhigh bhainne iad (?) le go mbeadh an t-im agus an bainne aca féin ar feadh na bliana. Bhí fear san áit seo agus chonnaic sé an Witch seo ag cruadh na bó a bhí aige. Lean sé féin is a chú í. An nóiméad is a bhfaca sí ag teacht é dhein sí giarfiadh dí féin. Lean an chú í agus chuaidh sí i bhfad. Bhí bothaínín aice agus is ann isteach a ghabh sí. Bhain an chú lán a béil as a más agus í ag dul isteach. Ghabh an fear isteach 'na diaidh agus bhí sé ag lorg an ghirrrfiaidh a chuile áit. Bhí an chú ag dul timcheall ar an gcailleach mar fuair sí baluth na fola uirri. Chroc an fear suas a cóta agus chonnaic sé loch fola fuithe. Bhain sé geall aiste nach dtiocfadh sé arís choidhchin ag crúdh a chuid beithidhigh.N.B. - Bean a bhí thiar i mbárr Béil na Tulach (Corkscrewhill) ní raibh greim ime timcheall nách raibh goidthe aice. Séard a bhí aice ná lámh duine mhairbh a thóg sí as an uaigh. Núair a chuirfeadh sí an lámh síos sa gcuigeann nó sa meadar is í a' deánamh maisitriú bheadh neart ime aice ar an nóiméad. (P. O'Nualláin a thug amach)(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- P. Ó Nualláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe