Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0117
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
- XML “Seanscoileanna an Cheantair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)3. Réaltóga:- Nuair atá siad faoi scamaill comhartha báisteach í, agus nuair atá scamaill dearga san iarthar sa tráthnóna is droch aimsear é freisin.Na h-ainmhidhthe agus an Aimsir.
1. Nuair a bhíonn druim an chait leis an teine comhartha le báistigh é. Nuair a bhíonn an cat ag sgríobhadh an teaghlach sin comhartha stoirme.
2. Nuair a bhíonn an mada ag ithe féir comhartha báisteach í.
3. Má tá an muc ag gnúsighil thar-éis a bhéile san oidhche comhartha stoirme í.
4. Má bhíonn na caora in a seasamh in aice na ballaí comhartha stoirme í. - (1) Loch Curra:-Bhí sean-scoil fáil ar thaobh na láimhe clí ag dul síos an bóthair go Cinn-Mhara. Scoil an Cheanntair a bhí mar ainm ar an scoil. Seán O'Laodhógan an t-ainm a bhí are an máighistir a bhí ag múnadh ins an scoil. Bhí sé 82 blian nuari a fuair sé bás. Thugaidís 2d dó gach luan mar páighe. Bhí sé an chrosta agus súgán a bhí aige leis na páistí a bhuail.(2) Scoil na bPiobaire:-Bhí an scoil fáil seo suidhte i nGort a'Buidhe. Sean O'Concubhair a bhí ag múnadh inntí. An foclóir a bhí aige tá sé ag a mhuinntir fós. Slinn a bhíos ag na páistí le scríobhadh, agus bhíodh leabhar litriú aca freisin. Pinghinn sa tseachtmhain a gheibheadh sé ó na páistí mar paighe.(3)
Scoil Cheathar Mhóir:- Liam O'Suilleabháin a bí ag múnadh inntí(leanann ar an chéad leathanach eile)