Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0113
  3. XML “Oíche na Gaoithe Móire 1839”
  4. XML “Taisce i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag treabhadh i bpáirc ó mhaidin go trathnóna agus bhí sé ag teintreach ar feadh an lae. Tháinig fear an bóthar agus dubhairt sé leis an bhfear
    "ní ceart duit a bheith ag obair agus tú in aice cruaidh."
    "Óch" arsan bhfear " ná creid lucht pisreóg".
    An lá céadna marbhuigheadh é leis an teintreach.
    Bhí clann 'na gcomhnuidhe i gCrushoa agus bhí an oiread sin sgannradh ortha gurbh' éigean dóibh éirighe agus a dhul amach. Cheangal siad rópa treasna an tighe agus chuaidh siad i ngreim san rópa ar fhaitchíos go bhfuadóchadh an stoirm an teach.
    Bhí fear 'na chomhnuidhe leis fein in aice le Gort Inse Ghuaire. Í lár na h-oidhche tháinig fear isteach agus do mhúscail sé an fear eile. Chuaidh an bheirt aca amach agus ní túisge amuigh iad ná thuit an teach isteach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Taisge i bhFolach.
    Pádraig Ó Congaoile a thug an t-Eólas seo dhom.
    1. Bhí fear 'na chomhnuidhe in aice le Droichead A' Chláirín agus bhí sé amuigh oidhche dheireannach amháin agus rug sé ar an ngréasaidhe leipreacháin agus d'iarr sé ar an leipreacháin cá raibh próca óir. "Ní leigfidh mé an rún le h-aoinne" arsan leipreacháin. Ar deireadh thiar thall b'éigean do'n leipreacháin innseacht cá raibh an próca óir. Lá ar na bhárach chuaidh an fear ag rómhar san ngarrdha. Nuair a bhí sé cúpla troigh síos sa gcréafóig fuair sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Congaoile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gorta Buí, Co. na Gaillimhe