Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0140

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0140
  3. XML “Scéalta”
  4. XML “Scéalta faoi na Sióga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéalta.
    (1)
    Ins an aimsir fadó bhí fear ann agus b'éigin do dul tré roilig ag dul abhaile dó. An oidhche seo roimh a do dheag a clog bhí sé ag dul abhaile. Nuair a bhí sé ag dul thar an roilig chuimhnigh sé ar na scéalta faoi taidhbhse a d'innis a athair dhó. Tháinig fhaitchíos air. D'fhéach sé timcheall air agus chonnaic sé rud bán. Is beag nár léim sé as a chraiceann. Rith sé ar ais arís. Tamaill in a dhiaidh sin dubhairt sé go bhfhéachfadh sé céard a bhí ann. Tháinig sé go balla an roilig agus d'fhéach sé isteach. Céard a bhí ann ach gabhair bán. Chuaidh sé abhaile is ní raibh fatchíos air o'n lá sin amach roimh aon rud.
    (2)
    Uair amháin bhí beirt bhuachaill beaga ann agus bhí siad in a gchomhnuidhe in aiche le coill mhór. An lá seo chuaidh siad ag piocadh blátha. Bhí siad ag imtheacht is ag síor-imhteacht nó go dtáinig siad go bun sléibhe. Chonnaic siad a lán bláthanna deasa suas uatha agus chuaidh sias suas. Cé a bhí in a chomhnuidhe ann ach fathach. Rug sé ar na páiste is chaith sé isteach i seomra iad. Lá ar na bhárach fuair sé pota mór agus chuir sé adhbhar teineadh faoi le na páiste a róstadh. Leig sé na páistí amach agus dubhairt sé leób an pota a ghlanadh amach. Bhí sé chomh mór go gcaithfeadh na beirt a dhul isteach ann lé é a ghlanadh. Bhí fhios ag na páiste ar sin. Dubhairt siad nach raibh fhios aca céard a dhéanfadh siad Chuaidh an fathach isteach ann le teasbáint doibh. Nuair a fuair na páiste istigh ins an bpota é chuir siad an 'lid' air. Las siad an teine agus bruith siad isteach ann é is tháinig siad abhaile slán.
    (3)
    Bhí beirt bhuachaill ann uair amháin is bhí siad in a gchomhnuidhe i caisleán mór breágh is iad go han-saidhbhir le na leas-mháthair. An oidhche seo chuaidh an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0327: The Children and the Ogre
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    AT1137: The Ogre Blinded (Polyphemus)
    AT2412C: (The Cat Asks for Boots)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Riocáird de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe