Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (1) Nuair a bhí mé óg chuala mé trácht ar an taidhbhse a bhí i dteach mór san áit a bhfuil an "college" sin i gCinn Mhara. Thagadh taidhbhse mór amach as doras a bhí in aice le "Tom Leeches Stable" agus shiúblfadh sé Cinn Mhara suas agus anuas agus isteach ins an áit céanna. Is íomdha duine chonnaic é. Bhí taidhbhse mór eile idir carn na madra agus geata bán . Bhi tourt troun ar thaobh an bhóthair agus bhíodh sé annsin. Bhí aithne agam ar bhuachaill agus tháinig sé isteach go Cinn Mhara le na mháthair agus a leas-athair. Chuaigh an leas-athair ar an ngort le cárr feamainne agus bhí sé le glaodhach ortha nuair a bheadh sé ag teacht abhaile. Nuair a bhí sé ag teacht abhaile , in áit glaodhach ortha thóg sé bóthair eile mar bhí sé in-a shean dhiabhail crosta. Nuair a tháinig sé abhaile bhí sé an deireannach san oidhche. Nuair nár ghlaoidh sé uirthe chuaidh sí abhaile agus tháinig a mac ghá lorg go Cinn Mhara. D'iarr sí ar na daoine cá raibh a mháthair agus dubhairt siad go raibh sí imithigthe abhaile le aithghiorra. Nuair a bhi an mac ag dul abhaile tháinig an taidhbhse amach as an tort troun aige agus bhí sé chomh mór le pacha olna agus e ghá bhasgadh ar an mbóthar. Cuile uair a raibh an rud mór faoi na cosa rithfeadh an madra eadra agus bhí siad mar sin gur tháinig sé go Fearann na(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Ristéard Ó Cobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean de Búrca
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84