Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)

Suíomh:
Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Donnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 202

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 202

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromghlinn (B)
  2. XML Leathanach 202
  3. XML “Féilí na Bliana - Oíche Shamhna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Shamhna
    Pádraic Ó Láimhthe as Cruimhlinn, do scríobh
    Leathanach 202
    Bíonn go leor cluichí agus cleactaidh ar siubhal ag na daoinibh Oidhche Samhna. Bíonn na buachaillí ag caitheamh cabáiste ar na bóithribh oidhche Samhna. San oidhche teigheann siad isteach i ngáirdíní cabáiste agus bíonn siad ag caitheamh cabáiste le “faitchios” a chur ar daoine. Deirtear go mbíonn an púcaí amhuigh an oidhche sin. Bíonn faitchios ar duine dul amach gan duine a bheith in aoindigh leis. Ins na tigthibh bíonn na daoine óga ag túmadh le úbhla agus le airgead. Crochann siad ubhall freisin on na ractaib agus cuireann siad ar luasgadh é.
    Cuirtear stoilín faoi annsin. Teigheann gasúr thart timcheall an stoilín fiche uair agus buaileann sé an stoilín gach uair a teigheann sé thart. Annsin tugann sé iarracht ubhal a bhualadh agus má bhuaileann sé é bíonn sé aige. Bíonn ann-shuipear ag na daoine an oidhche sin. Déanann siad pota mór ceallaidhe agus itheann siad é le im agus bainne. Cuireann bean an tighe an ceallaidhe air plataí. Annsin deanann na daoine tobairín beag i lár an ceallaidhe. Lionann siad an tobairín le im annsin. Leagan an t-im leis an teas. Annsin tosuigheann siad
    (Leathanach 203)
    ag ithe chomh mhaith is a bheith siad inann. Deanann bean an tighe caca milis agus cuireann sí fáinne innti. An duine geibhfeann an fáinne, phósfaidh sí.
    Oíche Shamhna freisean bíonn go leor sean nósa ag na daoinibh. Cuireann siad púicín ar duine eicint gheobhann siad fó-cupán lán de créafóig agus fó cupán de uisge glan, fó cupán de uisge salach, fó cupan eile agus paidrín inntí. An duine a leagann a láimh ar an paidrín beadh sé in a mhánach. An duine a cuirfheadh a láimh ar an uisge salach do phósadh sé baintreabhach. An duine a cuirfeadh a láimh san uisge glan phósfadh sé cailín maith. An duine a leagadh a láimh ar an gcréafoig gheobhadh sé bás
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Oíche Shamhna (~934)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraic Ó Láimhthe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cromghlinn, Co. na Gaillimhe