Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó tighthe beaga bána a bhiodh ag muintir na h-áite seo. Ceann tuighé no fraoibh no seisce a bhiodh ar gach tigh. Biodh na ballai deanta as clocha agus dóbh buidhe no marla bán mo moirtéal. Da sheomra a bhíodh i ngach tigh, cistineach agus seomra codlata. Bhiodh lochta agus cailleach an freisin. Bhiodh aol ar na ballaibh taobh amuigh agus taobh istigh.
Bhiodh an tuighe a chuiridís ar na tighthibh aca féin, agus mur a mbhiodh gheobaidís ó duine sa gcomharsantacht é. Bhiodh an fraoch agus an seisc agus na scrathacha lé fághail san bportach, acht ba mhinic a b'eigin doibh iad seo a ghoideadh mar bí an tighearna talmhan go h-an olc.
Bí leabhaidh sa gcistineach aca agus bhiodh dhá ceann ag daoine - seatal agus leabhaid sa gcailleach. Bhiodh áit codhlata aca sa lochta freisin, acht ní go minic a bhiodh leabhaidh ann. Na daoine óga a codhluigheadh san gcisinigh. Do codhluigheadh na buachaillí san lochta.
Simne amháin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Laithmhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe