School: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Location:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)mór doimhin do dhéanamh san iothlain a bhí in aice an tíghe. Do dhein, agus do chuireadar síos ann é agus chuireadar an cré anuas air thar nais, agus d'fhágadar annsan é.
An tarna lá d'imigh an leath-amadáinín go Conn Caoch arís a d'iarraidh na h-olna agus thuit an rud ceadna amach.
Thug sé leis an tarna fathach abhaile arís agus do marbhuigheadh sa t-slíghe chéadna é, agus do cuireadh san áit cheadna é mar a raibh an duin' eile.
An tríomhadh lá do tharla an rud ceadna agus an ceathrú lá nuair a d'éirigh an mháthair 'san mhac agus nuair a d'fhéuchadar amach is amhlaidh a chonnacadar trí crainn mhóra ársa ag fás aníos as na trí poill 'na raibh na fathaigh curtha. Seo amach iad chun iad do thabhairt fé ndeara níos cruinne, do buaileadh le barra mór óir iad agus thuiteadar marbh ar an láthair ceadna. Nuair a bhíodar marbh do thuit na crainn anuas ar an dtalamh agus d'fheóchadar; agus gach aon oidhche idir a dó agus a trí a chlog do chloistí an ceol sidhe, agus an rinnce ba bhreaghtha ar domhan timpeall na háite 'na raibh rian na gcrann, agus(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní Bric
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Informant
- Seán Ó Bric
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 80