Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 038

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 038

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 038
  3. XML “Comharthaí Aimsire”
  4. XML “Comharthaí Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is gnáth leis an ngáoith bheith aníar nó anoir aindheas, ar theacht droch-aimsire. Bhíonn cómhairthe fé leith le feiscint go minic leis. Seanchas an gháóth, bhíónn saghas feasa ag na h-ainmhidhte agus bíonn síad go neamh-shuaimhneasach agus go neamh stúideartha roimh stoirm. Ní chorruigheann an chat ó'n lúaithe, agus bíonn an-chion ag an gadhar ar an dteine leis, agus bíonn gach re-scheamh ag an gcat is an ngadhar ar a chéile. Bíonn na h-éin gan sos ar theacht droch h-aimsire agus bíonn na gheallamháin ag eitilt go h-íseal. Braitheann na daoine aosta sóínséail san aimsir leis, mar bíonn na dathacha á dtráochadh. Bíonn na sean-cnámh ana píanthamhail agus bíonn ana chnáímhseáíl aca. Ní h-aon iongnadh ná thaithnígheann droch aimsir leó agus is ró-mhinic a críochnuigehann sé cuid aca ar fad.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Úna Ní Laoinsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Ó Laoinsigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    58
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
  2. Día a dhein an domhan an grian agus an gealach, is breágh é solas na gréine. Níl aon nídh níos compórdaí ná lá gréine, rud eile tá sé úsáideach dúinn. Núair bhíonn an aimsear fliuch ag teacht bíonn babhaisín mór tímhceall air is bíonn croc bán air is an spéir dubh le scamall
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.