School: Na Cealla (Kells) (roll number 8148)
- Location:
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Teacher: Pádraig Ó Fiannachta
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Na Cealla (Kells)
- XML Page 037
- XML “Comharthaí Aimsire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá aimsear cuibheasach againn anois agus bhí fhios ag na sean daoine cheana go raibh sé le teacht. Is féidir leo é fheiscint san spéir is dóca. Tá sean nós aca na faoileáin cun na cnoic, an cúbhrán cun na tonnaibh, an díon cun na tighte, is an fearthann cun na spéire." Nós eile "na criogair ag crích, is ró gearr go mbhí an tuille ag teacht ins na loca." Nuair fheiceann síad b'fhéidir an ghrian ag dul fé go dearg tráthnóna bhreágh san bhfóghmhar bíonn súil aca le lá breágh, ach arís nuair fheiceann síad an grian ag eiríghe go dearg beidh aimsir ceathach againn. Nuair bhíonn na scamaill ag gluaiseacht san spéir sin cómhartha go mbeadh gála againn. Dá mbeadh sé ag cuir fearthanna go dtí an lá deireannach beid níos mó eagla ar sean-duine roimh gála ná roimh an mbáisteach. Dá meadh oidhche gaothmhar ann beidh sé as mheabhair go dtí go mbeadh an tigh, an coca féir, agus na cróicíní ceangailte aige. Nuair fheiceann síad an spéir go dorcha sin cómhra go mbeadh splannc againn. Maidin gréine san mfóghmhar nuair fhéicheann síad an ghrían go moch ar maidin sin cómhartha go mbeadh báisteach againn roimh oidhche "Ní seasuigheann grían na maidne geal go tráthnóna." Deirtear ná mbhíonn aon blían gan droch aimsir againn i mí na Samhna i gcómhnaídhe.
- Collector
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Na Cealla, Co. Chiarraí
- Informant
- Diarmuid Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Na Cealla, Co. Chiarraí