Scoil: Na Cealla (Kells) (uimhir rolla 8148)

Suíomh:
Na Cealla, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Fiannachta
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Na Cealla (Kells)
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach sna Rádaibh”
  4. XML “Cistí Óir i bhFolach 'sna Cealla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    rudaí lúachmhar a bhí againn i bhfolach ins an ngleann úd agus go bráth arís ní bhfaighidh aoinne íad. Le na linn sin do tháinig an bhás na thímcheall agus scúáb sé leis ceann de taoisig Éireann. Go dtí an lae indhiu ní bhfúair aoinne é agus is dócha ná bhfaighidh aoinne é leis.
    "Is fearr púnt id' phóca ná ciste óir i bhfolach"
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is fada atá sé ráidhte tímcheall na h-áite seo go bhfuil sgiollaod (sin corcán beag) óir i bhfolach i bpoll éigin ins na coilltibh atá tímcheall Tigh Mhóir na gCeall. Seo fáth an scéil:-

    Tímcheall céád agus fiche blíadhain ó shoin, bhí an Tíghearna Talmhan Ristéard Blenerthaset agus a líon tíghe na gcómhnaídhe sa Tigh Mhóir. Aon oidhche amháin sa gheimhreadh nuair éirig easaontas éigean idir é féin agus a chéile mar gheall ar cúrsaí airgid. Do labhradar go h-árd le na chéile agus bhí eagla ar na serbhísigh go leanfhadh na buillí an droch-aighneas acht níor dhein mar do bhailibh sé féin leis go h-obann agus go feargach go dtí a sheómra. D'fhan sí féin mar a raibh sí ar feadh tamaill mhaith taréis órdú do thabhairt d'on mhaor agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pártalán Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Na Cealla, Co. Chiarraí